irisch Parabal Guinness

Parabal GuinnessCeacht an tábhairneora, a múineadh dom sa ‘Brazen Head’ i mBaile Átha Cliath

Translator: Rosaleen O’Neill und Lillis Ó Laoire (Galway)
published in: Germanistik in Ireland. Jahrbuch der Association of Third-Level Teachers of German in Ireland. Hg. Hans-Walter Schmidt-Hannisa u. Florian Krobb. Vol.3/2008.
Original title: Das Guinness-Gleichnis (07/02/2008)
published in:
Sphärenmusik – Music of the Spheres – Ceol na Sféar
published in:
Die Sekunden danach
– Germanistik in Ireland. Hg. H.-W. Schmidt-Hannisa u. F. Krobb. Vol.3/2008; A. Leitner u. G. Trinckler (Hg.): Gedichte für Nachtmenschen. München 2008; enth. in: Die Sekunden danach

Sample

I.

Stad! arsa fear an tí, tóg go bog é, a mhac!
agus mé i ndiaidh breith ar an ngloine a bhí
leagtha en passant ar an gcúntar aige. Ní mór
am a thabhairt do Ghuinness, a deir sé, bíonn sé fós
beo ar dtús. Nach bhfeiceann tú fein é – ar dhath na
luatha, croitheadh bainte as, oibriú fós air
sula socraíonn sé síos. Trí nó ceithre nóiméad
ansin, go dtí go mbíonn sé dubh dorcha sa ghloine,
an cúr ar bharr mar uachtar, gan tiús bhóna
sagairt ann, é láidir go leor le luch a chur
ag siúl air gan lorg ar bith a fhágáil. Sin
an uair! Sin an uair is beoir í. Go dtí sin déan
do mhachnamh.

II.

Bhreathnaigh mé thart orm go maolchluasach: ocht gcéad bliain
den tart crioslaithe ag painéil adhmaid a bhí dubh le
haois; nuair a tháinig mo shealsa, ghrean fear an tí
cláirseach ar an gcúr le braon ón sconna, suaitheantas
na grúdlainne. Ach: Stad! a deir sé arís
nuair a shín mé mo lámh i dtreo na gloine.
D’aithin sé an stráinséir ina bhaile dúchais agus
amadán stráinséara leis. Go réidh, a mhac,
go réidh! Ná slog siar é. Agus sa deireadh
feicfidh tú sraith fáinní ag dul go grinneall.
Sin foirmle chruinn do tharta agus ina theannta sin
parabal. Parabal? Níor mhínigh sé an scéal, ach dúirt:
Sláinte!

III.

Mar sin a fágadh mé. An ghloine romham amach,
lán le dúdheatach agus ceo, le hamhránaíocht is le
boladh móna – iad uilig ag fanacht liom.
Fear an tí i bhfad uaim, thíos ag bun an bheáir,
ina fhear inste scéil anois, faoin gcaoi ar bheag
nár tharraing sé drochphionta don leibide thall.
Don stráinséir. Dó siúd a rug greim faiteach ar an
ngloine faoi dheireadh. Ní fhéadfaí a rá gur ól sé
as an ngloine, ach ar a laghad bhain sé aisti
súimín.